Léivític 10:16-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Rinne Maois ansin fiosrú grinn faoin ngabhar a ofráladh mar íobairt pheaca agus fuair amach gur dhóigh siad é. Tháinig fearg air le hEileázár agus Íteámár, na mic le hÁrón a bhí fágtha:

17. “Cén fáth,” ar sé, “nár ith sibh an t‑íobarthach peaca seo san áit bheannaithe? Is rud sarnaofa é a tugadh daoibh d'fhonn go n‑iompródh sibh cionta an chomhthionóil agus gnás an leorghnímh a chomhlíonadh dóibh i láthair an Tiarna.

18. Níor tugadh a fhuil laistigh den sanctóir agus ba chóir daoibh go deimhin a fheoil a ithe sa sanctóir faoi mar a d'ordaigh mé daoibh.”

19. Dúirt Árón le Maois: “D'ofráil siad a n‑íobairt pheaca agus a n‑íobairt uileloiscthe inniu, i láthair an Tiarna. Ach féach, dá mbeinnse i gceist, dá n‑íosfainn an ofráil pheaca inniu, an mbeadh sin taitneamhach leis an Tiarna?”

20. Nuair a chuala Maois an méid sin bhí sé sásta.

Léivític 10