1. Nádáb agus Aibíchiú, beirt mhac Árón, thóg gach duine díobh a thúiseoir, chuir tine ann, túis ar an tine agus d'ofráladar i láthair an Tiarna tine mhídhleathach nach raibh ordaithe aige dóibh.
2. Ansin phreab lasair amach ó fhianaise an Tiarna agus scrios iad, agus fuaireadar bás i láthair an Tiarna.
3. Dúirt Maois le hÁrón: “Sé seo a bhí i gceist ag an Tiarna á rá:‘Taispeánfaidh mé mo naofacht i measc a bhfuil i ngar dom,Agus don phobal go léir foilseofar mo ghlóir.’ ”Níor fhan focal ag Árón.
4. Ghlaoigh Maois ar Mhíseáél agus ar Ealzáfán, mic Uizíél uncail Árón, agus dúirt leo: “Tagaigí agus beirigí bhur mbráithre libh i bhfad ón sanctóir, ón gcampa amach.”
5. Thángadar agus rugadar leo iad, a n‑ionair fós orthu, ón gcampa amach mar a d'ordaigh Maois.
6. Dúirt Maois le hÁrón agus lena mhic Eileázár agus Íteámár: “Ná stollaigí gruaig bhur gcinn agus ná sracaigí bhur gcuid éadaigh; ní baol daoibh an bás; is leis an gcomhthionól uile atá sé i bhfearg; is é teaghlach Iosrael uile a chaithfidh bhur mbráithre a chaoineadh, bhur mbráithre a scrios tine an Tiarna.
7. Ná fágaigí doras Bhoth na Teagmhála le heagla go bhfaigheadh sibh bás; óir tá criosma an Tiarna oraibh.” Rinneadar mar a dúirt Maois.
8. Labhair an Tiarna le hÁrón agus dúirt:
9. “Nuair a bhíonn sibh ag dul isteach i mBoth na Teagmhála, tú féin agus do chlann mhac mar aon leat, ná hólaigí fion ná braon crua, le heagla an bháis. Reacht síoraí é sin ag bhur sliocht ó ghlúin go glúin.
10. Bíodh an scéal amhlaidh chomh maith agus sibh ag dealú an naofa ón gcoitianta, an ghlan ón neamhghlan,
11. agus nuair a bheidh na reachtanna go léir a dheachtaigh an Tiarna dóibh trí bhéal Mhaois agaibh á dteagasc do chlann Iosrael.”
12. Dúirt Maois le hÁrón agus le hEileázár agus Íteámár, na mic leis a bhí fágtha: “Tógaigí fuílleach na habhlainne atá fágtha d'íobairtí dóite an Tiarna. Ithigí an chuid shlim di láimh leis an altóir, óir tá sí sárnaofa.
13. Ithigí in áit naofa í, óir is í sin do cheartroinn agus ceartroinn do mhac de na híobairtí tine don Tiarna. Sin é an t‑órdú a fuair mé.