1. Ghlaoigh an Tiarna ar Mhaois agus labhair leis ó Bhoth na Teagmhála á rá:
2. “Labhair le clann Iosrael agus abair leo:Nuair a thagann duine agaibh le hofráil don Tiarna tugaigí bhur n‑ainmhí le hofráil on táin nó ón tréad.
3. Más beithíoch ón táin atá á ofráil aige ina íobairt uileloiscthe, ofráladh sé fireannach gan mháchail, agus ofráladh sé é ag doras Bhoth na Teagmhála i dtreo go mbeadh sé taitneamhach i láthair an Tiarna.
4. Leagadh sé lámh ar cheann an íobarthaigh le loscadh agus glacfar leis mar shás leorghnímh dó.
5. Ansin maraíodh sé an tarbh i láthair an Tiarna agus déanfaidh clann Árón, na sagairt, an fhuil a ofráil. Déanfaidh siad í a dhoirteadh ar imill na haltóra atá ag doras Bhoth na Teagmhála.
6. Déanadh sé an t‑íobarthach a fheannadh ansin agus a ghearradh ina phíosaí.
7. Cuireadh clann Árón, na sagairt, tine ar an altóir, agus cóirídís brosna ar an tine sin.