20. Ungthach an Tiarna, arbh ionann agus beatha dúinn é,gabhadh ina bpollghaiste é,an té a ndúramar faoi:“Is faoina scáthsan a mhairfimid i measc na náisiún.”
21. Déan áthas agus gairdeas, a iníon Eadóm,tusa, a chónaíonn i dtír Úz;sínfear an cupán chugatsa chomh maith;beidh tú ar meisce agus caithfidh tú díot anuas.
22. Tá do phionósú curtha ar ceal, a iníon Shíón;ní dhíbreoidh sé thar tír amach thú choíche arís;ach smachtóidh sé thusa, a iníon Eadóm, de dheasca d'urchóideagus nochtfaidh sé do chuid peacaí.