Leabhar Na N-Olagón 3:43-52 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

43. Chuaigh tú sa tóir orainn agus feisteas feirge umatagus rinne tú sléacht orainn gan trua.

44. D'fholaigh tú thú féin i néalionas nach bpollfadh ár n‑urnaí tríd.

45. Rinne tú dramhaíl agus bruscar dínni measc na náisiún.

46. D'oscail ár naimhde go léira mbéal inár n‑aghaidh.

47. Scanradh agus clais ghábhála is dán dúinn,léirscrios agus lot.

48. Tá linnte uisce le mo shúilede dheasca dhíothú mo phobail ionúine.

49. Sileann deora ó mo shúile gan stad,mar ní bhfaighidh mé faoiseamh ar bith

50. go mbreathnóidh an Tiarna anuas ó neamhchun feachaint orm.

51. Is crá croí dom a bhfeiceann mo shúiledá bhfuil á fhulaingt ag iníonacha uile mo chathrach.

52. An dream a bhí ina naimhde agam gan chúis,chuaigh siad sa tóir orm mar éan.

Leabhar Na N-Olagón 3