Laoi Na Laoithe 5:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Seo isteach i mo ghort mé,a shiúr liom, a bhrídeach,ag bailiú mo mhirr agus mo bhalsaim,ag ithe mo mheala agus mo chriathair,ag ól m'fhíona agus mo bhainne;ithigí, a chairde, ólaigí,déanaigí meidhir, a chairde cumainn.

2. I mo chodladh dom, tá mo chroí ina dhuiseacht;cluinim mo ghrá ag an doras:“Oscail dom, a shiúr, a rún,mo cholúr gan éalang,óir is báite mo cheann i ndrúcht,is fliuch m'fholt ón oíche.”

3. Ach, táim tar éis baint díom;an gá dom cur orm arís?Tá mo chosa nite agam;an gcaithim a sailiú arís?”

4. Shín mo ghrá a lámh isteachi bpoll na heochrach;chorraigh mo chroí i mo chléibh.

Laoi Na Laoithe 5