9. Shaobh tú mo chiall,a shiúr, a bhrídeach,shaobh tú mo chiall,le silleadh ó shúil leat,le haon seoid de do chuibhreach brád.
10. Nach aoibhinn do ghrá,a shiúr, a bhrídeach,nach blasta do ghrá ná fíon,nach cumhra iad do chumhrachtaíná spíosraí an domhain!
11. Béilín meala, a bhrídeach,mar an criathar ag sileadh;mil agus bainnefaoi do theanga go cinnte;boladh cumhra ar d'éadachmar chumhracht na Liobáine.
12. Gort i lios tú,a shiúr, a bhrídeach,gort i ráth,tobar i gcomhad.
13. Gránúlla go tiubh annagus togha gach toraidhó shruthanna an tobair.
14. Spiocnard agus cróch ann,giolcach chumhra agus cainéal,gach crann i bhfuil roisín,miorr agus fóifíneach,agus togha gach cumhrachta.
15. Tobar i ngortaníos as an talamh,nó sruth as an Liobáin.
16. Éirigh a ghaoth aduaidh,gluais, a ghaoth aneas,séidigí trí mo ghairdíngo leatha a chumhrachtaí.Tagadh mo ghrá isteach ina ghort,blaiseadh sé togha gach toraidh ann.