Laoi Na Laoithe 4:7-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Álainn tú ar fad, a rún;atá tú gan cháim.

8. Tar as an Liobáin, a bhrídeach,tar as an Liobáin isteach.Féach anuas ó mhullach Amáná,ó mhullach Sheinír agus Hearmón,ó fhásach na leon,ó shliabh na liopard.

9. Shaobh tú mo chiall,a shiúr, a bhrídeach,shaobh tú mo chiall,le silleadh ó shúil leat,le haon seoid de do chuibhreach brád.

10. Nach aoibhinn do ghrá,a shiúr, a bhrídeach,nach blasta do ghrá ná fíon,nach cumhra iad do chumhrachtaíná spíosraí an domhain!

11. Béilín meala, a bhrídeach,mar an criathar ag sileadh;mil agus bainnefaoi do theanga go cinnte;boladh cumhra ar d'éadachmar chumhracht na Liobáine.

12. Gort i lios tú,a shiúr, a bhrídeach,gort i ráth,tobar i gcomhad.

13. Gránúlla go tiubh annagus togha gach toraidhó shruthanna an tobair.

14. Spiocnard agus cróch ann,giolcach chumhra agus cainéal,gach crann i bhfuil roisín,miorr agus fóifíneach,agus togha gach cumhrachta.

15. Tobar i ngortaníos as an talamh,nó sruth as an Liobáin.

16. Éirigh a ghaoth aduaidh,gluais, a ghaoth aneas,séidigí trí mo ghairdíngo leatha a chumhrachtaí.Tagadh mo ghrá isteach ina ghort,blaiseadh sé togha gach toraidh ann.

Laoi Na Laoithe 4