5. Agraím oraibh,a iníona Iarúsailéim,dar fia agus eilití na má,ná corraigí, ná músclaígí mo rún,go dtograí sí féin.
6. Cad é seo aníos ón bhfásach,mar a bheadh crann deataighas miorr agus túisagus uilechumhracht na siopaí?
7. Sin é coiste Sholaimh,trí fichid laoch thart air,ó shárlaochra Iosrael;
8. fear claímh gach laoch díobhó thaithí an chogaidh;a chlaíomh ar a shliasaidi gcoinne bhaol na hoíche.
9. Do rinne Solamh rísuí breithimh dó féind'adhmad na Liobáine.
10. Cosa airgid faoi,scáth óir os a chionn,adhairt chorcra ann,éabann dá fholach.
11. Tagaigí go bhfeice sibh,a iníona Iarúsailéim,Solamh rí gona mhionn ría chuir a mháthair airlá a phósta,lá áthais a chroí.