5. Más dubh mé, is sciamhach,a mhná Iarúsaileim;mar bhotha céadair,mar bhéalscátha Sholaimh.
6. Ná féachaigí ar dhath mo chraicinn,is amhlaidh a dhóigh an ghrian mé.Mo dheartháireacha, a bhí anuas orm,d'fhág i bhfeighil na bhfíonghort mé,faoi deara faillí m'fhíonghoirt féin.
7. Inis dom, a ghrá mo chroí,Cá gcuireann tú do thréad ar féarach,Cá gcuireann chun luí ó bhrothall an lae iad;i dtreo nach gcaithfinn gabháil ag cuardachtrí thréada do chomharsana?