Iúidit 8:19-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Dhéantaí a leithéid sin fadó, agus sin a thug an claíomh agus an chreach ar ár sinsir, agus a thug anuas chun raice roimh a naimhde iad.

20. Ach ní aithnímidne aon dia ach eisean; nach dtugann sin dóchas dúinn nach súil dhúnta a thabharfaidh sé orainn ná ar aon duine dár gcine?

21. “Agus rud eile: má ghabhtar sinne, tiocfaidh an scrios céanna ar Iúdáia uile, agus slad ar an Teampall naofa. Sinne a chaithfidh freagairt [lenár bhfuil] as an truailliú sin.

22. Bíodh go mbeimid inár sclábhaithe in áit éigin i gcéin i measc na nginte, orainn a éileoidh Dia éiric ár mbráithre a bheidh marbh, agus ár dtíre a bheidh faoi chois, agus ár n‑oidhreachta a bheidh bánaithe. Núis agus náire a fheicfidh ár máistrí ionainn.

23. Ní aon dea-mhéin a thuillfidh ár sclábhaíocht dúinn mar sin ach an aithis. Sin mar a réiteoidh an Tiarna, ár nDia, é.”

24. “Anois, a dheartháireacha liom, tugaimis dea-shampla don chuid eile, mar is orainne a bhraitheann a mbeo - sea, agus an Teampall naofa, idir áras agus altóir, chomh maith leo.

25. Ar shlí, cuis chun bheith buíoch don Tiarna, ár nDia, is ea ár gcás. Táimid faoi thriail aige anois. Ach nár chuir sé triail ar ár n‑aithreacha chomh maith?

26. Cuimhnigí ar a ndearna sé d'Abrahám agus na trialacha a chuir sé ar Íosác, agus ar tharla do Iacób i Measpatáim na Síre agus é i bhfeighil caorach a uncail, Lábán.

27. Dílse a gcroí a bhí á promhadh aige agus an céasadh sin á chur orthu aige. Mar sin linne: ní díoltas an cruatan seo atá á chur orainn ag an Tiarna, ach ceacht á mhuineadh aige do mhuintir a pháirte.”

28. Uizíá a d'fhreagair í. “As dea-chroí amach a tháinig gach focal dá bhfuil ráite agat,” ar seisean. “Ní fhéadfadh aon duine é a bhréagnú.

29. Ná ní inniu a tháinig an chiall amach ionat; riamh ó laethanta d'óige d'aithníodh an pobal ar fad an tuiscint a bhí agat, agus an croí geal ina theannta.

30. Ach bhí na daoine spallta leis an tart, an dtuigeann tú, agus chuireadar iallach orainn déanamh mar a bhí ráite againn leo, fiú, mionn a thabhairt, mionn nach bhféadfaimid dul siar air anois.

Iúidit 8