Iúidit 5:22-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Ach níor thúisce an méid sin ráite ag Aichíór na d'éirigh monabhar agóide ón slua timpeall bhoth an cheannaire. Bhí caint i measc ardoifigeach Holofarnaes agus muintir an chósta agus muintir Mhóáb ar é a stolladh ó chéile.

23. “Níl aon eagla orainne roimh chlann Iosrael,” ar siad. “Dream gan éifeacht is ea iad, nach bhfuil de neart iontu fiú ord maith catha a chur orthu féin inár gcoinne.

24. Sea cheana, suas linn chucu! Le méid an airm seo atá agat, a Holofarnaes, a thaoisigh, ní bheidh iontu ach greim inár mbéal!”

Iúidit 5