Iúidit 4:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ar ndóigh chuala muintir Iosrael a bhí ina gcónaí i Iúdáia na rudaí seo go léir - a raibh déanta do na ciníocha ag Holofarnaes, ardcheannasaí airm Nabúcadnazar, rí na nAsaíreach, go háirithe, conas mar a réab agus a dhíothaigh sé teampaill a ndéithe orthu.

2. Bhíodar scéinte ina mbeatha roimhe, agus an baol do Iarúsailéim agus do Theampall an Tiarna, Dia, a chuir barr buartha orthu.

3. Ní rabhadar ach tagtha ar ais óna mbraighdeanas agus níorbh fhada ó chruinnigh pobal Iúdáia le chéile agus ó coisriceadh arís an altóir agus a trealamh agus an Teampall féin a truaillíodh fadó.

4. Chuireadar glaoch cogaidh amach ar fud na tíre, go dtí an tSamáir agus Cóna agus Béit Horón agus Beilmein agus Ireachó agus Cóba agus Aesóra agus Gleann Shailéim.

Iúidit 4