Iúidit 4:1-3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ar ndóigh chuala muintir Iosrael a bhí ina gcónaí i Iúdáia na rudaí seo go léir - a raibh déanta do na ciníocha ag Holofarnaes, ardcheannasaí airm Nabúcadnazar, rí na nAsaíreach, go háirithe, conas mar a réab agus a dhíothaigh sé teampaill a ndéithe orthu.

2. Bhíodar scéinte ina mbeatha roimhe, agus an baol do Iarúsailéim agus do Theampall an Tiarna, Dia, a chuir barr buartha orthu.

3. Ní rabhadar ach tagtha ar ais óna mbraighdeanas agus níorbh fhada ó chruinnigh pobal Iúdáia le chéile agus ó coisriceadh arís an altóir agus a trealamh agus an Teampall féin a truaillíodh fadó.

Iúidit 4