6. Ach chuir an Tiarna uilechumhachtach bac orthuTrí láimh mná.
7. Óir ní le lámh na n‑ógánach a thit a gcumasach,Ná ní hiad clann na dTíotan a leag ar lár é,Ná ní hiad na fathaigh uallacha a rinne an fogha;Ach is í Iúidit, iníon Mharáraí,A scrios é le scéimh a ceannaithe.
8. Mar bhain sí di a feisteas baintrí,D'fhonn misneach a thabhairt do lucht an drochmhisnigh in Iosrael.Rinne sí a haghaidh a ungadh le hola,
9. Agus a folt a chóiriú faoi cheannbheart,Agus chuir brat lín uimpi lena bhréagadh.
10. Rinne a cuarán a shúil a mhealladh,Agus chuir a háille cluain ar a aigne,Agus ghabh an claíomh trína mhuineál!
11. Chuir a misneach scéin ar na Peirsigh,Agus a dánaíocht scanradh ar na Méidigh.
12. Tháinig [critheagla] orthu nuair a liúigh mo phobal tláth.Tháinig ballchrith orthu nuair a liúigh siad níos airde,Agus theith siad nuair a chuir siad an liú is airde astu.
13. Chuir clann mhac na gcailíní an tsleá tríothu,Agus ghoin iad mar dhéanaidís leanaí na dteifeach.Cailleadh iad os comhair arm eagraithe mo Thiarna.
14. Canfaidh mé iomann nua do mo Dhia.A Thiarna, is mór é thú agus is glórmhar,Is éachtach thú i neart, agus ní féidir thú a chloí.
15. Go bhfóna do chruthaíocht go léir duit,Óir labhair tú agus rinneadh iad.Sheol tú do spiorad uait agus chum sé iad.Níl aon duine ann a d'fhéadfadh cur i gcoinne do ghlóire.