Iúidit 11:8-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Óir chualamar trácht ar d'eagna agus ar d'éirim, agus tá sé i mbéal an uile dhuine nach bhfuil do leithéid le fáil san impireacht ar fad le cumas agus le taithí agus le barr clisteachta ag fearadh cogaidh.

9. Chualamar freisin na nithe úd a dúirt Aichíór in bhur gcomhairle; rinne muintir Bhéitiúilia anacal anama air agus d'inis sé dóibh gach a ndúirt sé leatsa.

10. Anois más ea, a thiarna agus a mháistir, ná déan faillí ina ndúirt sé, ach taiscigh i do chroí é, mar is fíor é; ní féidir ár gcine a phionósú, ná níl cumhacht ag an gclaíomh ina n‑aghaidh, mura bpeacaíonn siad in aghaidh a nDé.

11. Ach anois, i dtreo nár bhaol do mo thiarna go mbrisfí air agus go dteipfeadh air, tá an bás i ndán dóibh, óir tá peaca tagtha sa mhullach orthu, peaca trína gcuirfidh siad fearg ar a nDia, gach uair a dhéanfaidh siad é.

12. Tá easpa bia orthu agus tá a gcuid uisce go léir imithe i ndísc, agus bheartaigh siad a n‑eallach a mharú, agus chinn siad feidhm a bhaint as na nithe úd go léir a choisc Dia orthu lena dhlíthe a ithe.

13. Ní hé amháin go bhfuil sé socair acu céadtorthaí an arbhair agus deachúna an fhíona agus na hola a chaitheamh, cé go bhfuil siadsan coisricthe agus tíolactha do na sagairt a dhéanann freastal i láthair ár nDé in Iarúsailéim, agus ní cheadmhach don phobal fiú baint leis na nithe sin lena lámha.

Iúidit 11