22. Dúirt Holofarnaes léi: “Is maith a rinne Dia é, tú a chur ar aghaidh roimh do phobal lenár lámha a neartú agus le scrios a thabhairt orthu siúd a thug masla do mo thiarna.”
23. “Ní amháin go bhfuil tú sciamhach snó, ach eagnaí briathar freisin; má dhéanann tú mar atá ráite agat, beidh do Dhia mar Dhia agamsa, agus cuirfidh tú fút i bpálás Nabúcadnazar rí, agus beidh cáil ort ar fud na cruinne go léir.”