17. Bean dheabhóideach is ea do dhaoirseach, agus déanann sí freastal ar Dhia na bhFlaitheas de lá agus oíche. Fanfaidh mé farat dá bhrí sin, a thiarna; rachaidh do dhaoirseach amach faoin ngleann gach oíche agus guífidh mé chun Dé agus déarfaidh sé liom cathain a bheidh peaca déanta acu.
18. Ansin tiocfaidh mé agus inseoidh mé duit é agus gluaisfidh tú amach le do shlua go léir agus ní sheasóidh aon duine díobh an fód i d'aghaidh.
19. Ansin déanfaidh mé thú a threorú trí cheartlár Iúdáia nó go sroichfidh tú Iarúsailéim; agus cuirfidh mé do ríchathaoir ansiúd ina lár; agus déanfaidh tú iad a threorú mar dhéanfa caoirigh gan aoire; agus ní leomhfaidh fiú madra sceamh a thabhairt i d'aghaidh. Fuaireas an méid sin amach trí réamheolas; fógraíodh domsa é agus seoladh mé le hé a insint duit.”