1. Ansin dúirt Holofarnaes léi: “Bíodh misneach agat a bhean agus ná bíodh eagla chroí ort, mar ní dhearna mé dochar riamh d'aon duine a chuir roimhe géilleadh do Nabúcadnazar, rí an domhain go léir.
2. Agus anois féin mura mbeadh gur mhaslaigh do mhuintir, a bhfuil cónaí orthu sna hardáin, mé ní thógfainn an tsleá ina n‑aghaidh; ach iad féin a thug é seo go léir sa mhullach orthu féin.
3. Inis domsa anois, más ea, cén fáth ar theith tú uathu agus ar tháinig tú chugainne, óir tá tú ar láimh shábháilte.
4. Bíodh misneach agat; cuirfidh tú an oíche dhíot slán sábháilte, agus beidh tú amhlaidh as seo amach. Ní chuirfidh aon duine isteach ort, ní dhéanfaidh sin, ach caithfidh cách go maith leat mar a dhéanann siad le searbhóntaí mo thiarna Nabúcadnazar rí.”
5. D'fhreagair Iúidit: “Tabhair cluas do bhriathra do dhaoirsí, agus labhróidh d'ionailt i do láthair; ní inseoidh mé aon éitheach do mo thiarna anocht.
6. Má dhéanann tú de réir mar a deir d'ionailt, tabharfaidh Dia do shaothar chun dea-chríche; agus rithfidh le mo thiarna a chuspóirí a chur i gcrích.
7. Fad saoil do Nabúcadnazar, rí an domhain uile, an té a sheol thú le gach duine beo a threorú; go maire a fhlaitheas. Ní hiad an cine daonna amháin a dhéanann seirbhís dó tríotsa, ach ainmhithe an mhachaire, an t‑eallach agus na héin - mairfidh siad faoi scáth Nabúcadnazar agus a theaghlaigh go léir trí do chumhachtsa.
8. Óir chualamar trácht ar d'eagna agus ar d'éirim, agus tá sé i mbéal an uile dhuine nach bhfuil do leithéid le fáil san impireacht ar fad le cumas agus le taithí agus le barr clisteachta ag fearadh cogaidh.
9. Chualamar freisin na nithe úd a dúirt Aichíór in bhur gcomhairle; rinne muintir Bhéitiúilia anacal anama air agus d'inis sé dóibh gach a ndúirt sé leatsa.
10. Anois más ea, a thiarna agus a mháistir, ná déan faillí ina ndúirt sé, ach taiscigh i do chroí é, mar is fíor é; ní féidir ár gcine a phionósú, ná níl cumhacht ag an gclaíomh ina n‑aghaidh, mura bpeacaíonn siad in aghaidh a nDé.
11. Ach anois, i dtreo nár bhaol do mo thiarna go mbrisfí air agus go dteipfeadh air, tá an bás i ndán dóibh, óir tá peaca tagtha sa mhullach orthu, peaca trína gcuirfidh siad fearg ar a nDia, gach uair a dhéanfaidh siad é.