5. Is mian liom a chur i gcuimhne daoibh, cé gurb eol daoibh gach ní cheana don aon uair amháin ar fad, gur fhuascail an Tiarna pobal ón Éigipt ach gur scrios sé ina dhiaidh sin an mhuintir nár chreid.
6. Agus na haingil nár choinnigh a bhflaitheas féin, ach a d'fhág a láthair lonnaithe féin, tá siad coimeádta aige i gcuibhreacha síoraí thíos in ifreann i gcomhair bhreith an lae mhóir.
7. Ba é an dála céanna é ag Sodom agus Gomorá, agus ag na cathracha ina dtimpeall; ghabh siadsan freisin le collaíocht agus drúis mhínádúrtha; fágadh mar shampla iad ag fulaingt pionós na tine síoraí.
8. Déanann an dream seo, ámh, ar an tslí chéanna lena mbrionglóidí an cholainn a thruailliú, an t‑údarás a shéanadh, agus aingil na glóire a mhaslú.