18. mar dúirt siadsan libh: “Ag críoch na ré, beidh scigirí ann a dhéanfaidh de réir a n‑ainmhianta coirpeachta féin.”
19. Is iad sin a dhéanann deighilt, dream saoltach, gan an Spiorad acu.
20. Ach sibhse, a chairde cléibh, déanaigí sibh féin a thógáil suas ar bhonn sárnaofa bhur gcreidimh; guígí sa Spiorad Naomh,
21. agus cumhdaígí sibh féin i ngrá Dé agus súil agaibh le trócaire ár dTiarna Íosa Críost chun na beatha síoraí.
22. Déanaigí áiteamh ar chuid acu, an mhuintir atá in amhras;
23. déanaigí a thuilleadh a sciobadh as an tine agus a shaoradh, agus déanaigí trócaire ar a thuilleadh fós ach eagla oraibh agus fuath agaibh fiú don léine a thruailligh an cholainn.
24. An té sin ar féidir leis sibh a choimeád gan titim i bpeaca, agus sibh a chur gan smál i láthair a ghlóire faoi lúcháir,