Íseáia 8:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Dúirt an Tiarna liom: “Tóg séala mór agus scríobh air i ngnáthlitreacha: Machaer Seálál Hais Baz.

2. Ansin faigh finnéithe dom atá inmhuinín: an sagart Úiriá agus Zacairiá, mac Ibiricia.”

3. Chuaigh mé i leith an bhanfháidh. Ghabh sí agus shaolaigh mac. Dúirt an Tiarna liom: “Tabhair Machaer Seálál Hais Baz mar ainm air,

4. óir sula mbeidh an gasúr seo in ann ‘daidí’ na ‘mamaí’ a rá, iomprófar saibhreas na Damaisce agus creach na Samáire os comhair rí na hAsaíre.”

5. Labhair an Tiarna liom arís agus dúirt:

6. “As siocair go bhfuil an pobal seo ag cur suas d'uiscí Shileoa shileann go suaimhneach,agus go bhfuil sé ag creathnú roimh Reizínagus mac Ramailiá,

Íseáia 8