Íseáia 64:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Och, dá roisfeá na flaithis ó chéile agus teacht anuas,ag cur na sléibhte ar crith os do chomhair,

2. mar a lasann tine ina bladhaire trí bhrosna,mar a chuireann tine uisce ag fiuchadh;ansin bheadh aithne ag do naimhde ar d'ainmagus ciníocha ar crith roimh do theacht.

3. Dhéanfá éachtaí ansin nach raibh súil leo,agus nár chuala aon duine caint orthu riamh.

4. Cluas níor chuala ná súil ní fhacadia ar bith ach tusa ag seasamh leis an té a chuir a mhuinín ann.

5. Cuireann tú fáilte roimh an dream a chleachtann an ceartagus a mbíonn cuimhne acu ort féin agus ar do bhealaí.Tá fearg ort, agus déanaimid peaca dá ainneoin sin;is fada sinn ag déanamh ceannairce i do choinne.

Íseáia 64