Íseáia 54:4-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Ná bíodh eagla ort, mar ní thabharfar do náire;ná bí buartha, ní bhainfear lasadh asat níos mó.Óir déanfaidh tú dearmad ar náire d'óigeagus ní bheidh cuimhne agat feasta ar mhíchlú do bhaintreachais.

5. Óir do Chruthaitheoir, is é is céile duit,agus Tiarna na Slua is ainm dó;Neach Naofa Iosrael, is é do shlánaitheoir é,ar a dtugtar Dia an domhain uile.

6. Sea! i do bhean tréigthe mar atá tú agus an t‑anam cráite ionat,tá Dia ag glaoch ar ais ort.Cé a shéanfadh an bhean atá mar chéile aige óna hóige?a deir do Dhia.

7. Seal faiteadh súl a thréig mé thú,ach le barr dáimhe agus dúchais baileoidh mé chugam thú.

8. Seal beag agus racht fraoich agus feirge ormcheil mé mo ghnúis ort.Ach tá trua agam duit anois le caoindúthracht shíoraí,a deir an Tiarna, do shlánaitheoir.

9. Is ionann cás dom anois agus in aimsir Naoinuair a mhionnaigh mé i dtaobh uiscí na Díleannnach sceithfeadh siad thar an talamh níos mó.Mionnaim mar an gcéanna i dtaobh na feirge a bhí orm leatagus i dtaobh na haithise a chaith mé leat.

10. Óir féadann na sléibhte imeachtagus na cnocáin bogadh leo,ach mo chaoindúthracht duitse ní imeoidhná mo chonradh síochána leat ní bhogfar,a deir an Tiarna, a bhfuil trua aige duit.

11. A chathair atá cráite, stoirmshuaite, gan sólás,is amhlaidh a leagfaidh mé do chlocha ar charmhogailagus do dhúshraith ar shaifírí.

12. Déanfaidh mé binn agus buaic duit de rúibíní,geataí den chriostal duit,agus de liaga lómhara do chompal uile.

13. Do chlann go léir beidh siad á dteagasc ag an Tiarnaagus is mór an rath a bheidh orthu mar chlann.

14. Beidh tú bunaithe ar an bhfíréantacht;i bhfad uait an leatrom, agus ní bheidh eagla ort,i bhfad uait an scéin, mar ní thiocfaidh sí i do chomhair.

Íseáia 54