Íseáia 54:13-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Do chlann go léir beidh siad á dteagasc ag an Tiarnaagus is mór an rath a bheidh orthu mar chlann.

14. Beidh tú bunaithe ar an bhfíréantacht;i bhfad uait an leatrom, agus ní bheidh eagla ort,i bhfad uait an scéin, mar ní thiocfaidh sí i do chomhair.

15. Má dhéantar ionsaí ort, ní uaimse a thiocfaidh sé;an té a dhéanann ionsaí ort, caillfear é dá bharr.

16. Seo, is mise a chruthaigh an gabha,an té a shéideann tine na gceartaíagus a tháirgeann airm de réir na feidhme atá leo.Ach is mise fós a chruthaigh fear a scriosta agus a ndíobhála.

Íseáia 54