Íseáia 52:9-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Scairtigí amach le háthas,a bhallóga Iarúsailéim!mar tá an Tiarna ag tabhairt sóláis dá mhuintir,tá sé ag fuascailt Iarúsailéim.

10. Tá an Tiarna ag nochtadh a láimhe naofaos comhair súile na gciníocha go léir,agus feicfidh críocha uile na talúnbeart tarrthála ár nDé.

11. “Amach libh! Amach! Amach as an mBablóin,ná bainigí le rud ar bith atá neamhghlan!Amach libh as lár na háite sin! Glanaigí sibh féin,a lucht iompair shoithigh an Tiarna!

12. Óir ní rachaidh sibh amach faoi dheifir,ní imeoidh sibh mar bheadh teifigh ionaibh.Ar cheann bhur slua beidh an Tiarna ag máirseáil,agus ag déanamh sciath thar lorg oraibh beidh Dia Iosrael.”

13. Is amhlaidh a bheidh rath ar mo Ghiolla,gheobhaidh sé gradam agus céimíocht agus oirearcas thar cuimse.

Íseáia 52