13. Tá dearmad déanta agat ar an Tiarna a rinne thú,a spréigh na spéartha amach agus a chuir bun faoin talamh;agus tá crith ort i gcónaí agus gach uile lároimh fhraoch an aintiarna agus é faoi réir le tú a scrios.Ach cá bhfuil sé, an fraoch seo an aintiarna?
14. Tá an cime ar tí a scaoilte amach; ní bhfaighidh sé bás i dtóin díge agus ní bheidh ganntanas aráin air.
15. Is mise an Tiarna do Dhia a chorraíonn an fharraige agus a chuireann a tonnta ag torann; Tiarna na Slua is ainm dom.
16. Chuir mé mo chuid focal i do bhéal, ar scáth mo láimhe chuir mé i bhfolach thú, nuair a spréigh mé amach na spéartha agus chuir mé bun faoin tálamh agus dúirt le Síón: “Is tú mo phobal.”
17. Dúisigh, dúisigh suas! Bí i do shuí, a Iarúsailéim!Tusa a d'ól ó láimh an Tiarna cupán a fheirge.Corn an mhearbhaill, d'ól tú é, d'ól tú siar é ar fad.
18. Níl agat feasta chun tú a chinnireachtduine ar bith den chlann mhac a shaolaigh tú,ná chun tú a choinneáil suas lena láimhduine ar bith den chlann mhac a thóg tú.
19. Tá an dá olc seo tar éis teacht ort- cé a bheadh ag maíomh do dhóigh ort?Creach agus scrios, claíomh agus gorta,- cé a thabharfadh sólás duit?
20. Tá do mhic ina luí gan lúthar choirnéal gach uile shráidechomh lag le heilit i mbarrach,ar meisce le fearg an Tiarna,le bagairtí do Dhé.
21. Ar an ábhar sin, éist leis seo, a chreatúir chráite,atá ar meisce cé nach le fíon é;
22. seo mar a deir Dia do Thiarna,do Dhiasa agus curadh cosanta do mhuintire:Seo, tá mé á thógáil as do láimh,an cupán sin an mhearbhaill;corn mo chuid feirge,ní ólfaidh tú as níos mó.
23. Cuirfidh mé isteach i lámha lucht do chéasta é,iad sin a deireadh leat:“Luigh fút, agus siúlfaimid sa mhullach ort.”Agus dhéantá cabhsa as do dhroim,mar a bheadh bealach mór ann le haghaidh lucht siúil.