10. An ea nach tusa a thriomaigh an fharraige,uiscí an Aigéin mhóir,chun bealach mór a dhéanamh as duibheagáin na farraige,le go bhféadfadh an dream a fuasclaíodh dul trasna?
11. An pobal atá saortha ag an Tiarna, tá siad ag filleadh,tá siad ag teacht go Síón ag liúireach le gairdeas.Tá aoibhneas síoraí ina choróin ar a gceann,áthas agus aoibhneas ag triall ina gcuideachta,casaoid agus crá bailithe leo ar shiúl.
12. Mise mé féin, is mé a thugann sólás duit.Cé hé tusa go bhfuil eagla ort roimh an duine,an duine ar dual dó an bás,an duine seo nach buaine é ná an féar?
13. Tá dearmad déanta agat ar an Tiarna a rinne thú,a spréigh na spéartha amach agus a chuir bun faoin talamh;agus tá crith ort i gcónaí agus gach uile lároimh fhraoch an aintiarna agus é faoi réir le tú a scrios.Ach cá bhfuil sé, an fraoch seo an aintiarna?
14. Tá an cime ar tí a scaoilte amach; ní bhfaighidh sé bás i dtóin díge agus ní bheidh ganntanas aráin air.
15. Is mise an Tiarna do Dhia a chorraíonn an fharraige agus a chuireann a tonnta ag torann; Tiarna na Slua is ainm dom.
16. Chuir mé mo chuid focal i do bhéal, ar scáth mo láimhe chuir mé i bhfolach thú, nuair a spréigh mé amach na spéartha agus chuir mé bun faoin tálamh agus dúirt le Síón: “Is tú mo phobal.”