1. Éistigí liom, sibhse go léir atá ar lorg an chirt,atá ag iarraidh an Tiarna.Breathnaígí an charraig as ar gearradh sibh,agus an cairéal ar tochlaíodh sibh amach as.
2. Breathnaígí Abrahám bhur n‑athairagus Sárá a thug ar an saol sibh.Óir bhí sé ina aonar nuair a ghairm mise éagus bheannaigh mé é agus rinne mé líonmhar é.
3. Is ea, tá trua ag an Tiarna do Shíón,tá trua aige di ina ballóga ar fad mar atá.As an díthreabh sin aici déanfaidh sé Éidin,agus as a gaineamhlach gairdín don Tiarna.Cloisfear gártha áthais agus lúcháire ann,altú buíochais agus siansa ceoil.
4. Tugaigí aird orm, a chiníocha;a náisiúna, cuirigí cluas oraibh le héisteacht liom.Óir is uaimse a thagann an reachtagus beidh mo bhreithiúnas ina sholas do na ciníocha.
5. Tabharfaidh mé mo cheart i láthair go tobann,tiocfaidh mo shlánú ar nós an tsolais.Tá mo lámh ar tí breith a thabhairt ar na ciníocha.Tá súil ag insí na farraige liomagus iad muiníneach as neart mo láimhe.
6. Ardaígí bhur súile i dtreo na spéireagus breathnaígí ar an talamh síos.Scaipfidh na spéartha ar nós deataigh,imeoidh an talamh ina scifleoga mar a bheadh giobal éadaigh ann,gheobhaidh lucht a áitrithe bás ar nós na míoltóg.Ach mo shlánúsa, beidh sé buan,agus mo chumhacht chun cirt ní rachaidh i léig.
7. Éistigí liom, sibhse a bhfuil eolas an chirt agaibh,a phobal a mheabhraíonn mo dhlíthe in bhur gcroí.Ná bíodh eagla oraibh roimh mhasla daoinená anbhuain de bharr a gcuid achasán.
8. Óir creimfidh an leamhan iad ar nós giobal éadaigh,mar bheadh olann iontu íosfaidh na péisteoga iad.Ach mo chumhachtsa chun cirt, mairfidh sí buanagus mo shlánú ó ghlúin go glúin!
9. Múscail, múscail, cuir umat do neart,a lámh an Tiarna,Múscail mar a dhéantá sa seanam,in aimsir na nglún a d'imigh.An ea nach tusa a scoilt Ráhab,a pholl an Dragan ina lár?
10. An ea nach tusa a thriomaigh an fharraige,uiscí an Aigéin mhóir,chun bealach mór a dhéanamh as duibheagáin na farraige,le go bhféadfadh an dream a fuasclaíodh dul trasna?
11. An pobal atá saortha ag an Tiarna, tá siad ag filleadh,tá siad ag teacht go Síón ag liúireach le gairdeas.Tá aoibhneas síoraí ina choróin ar a gceann,áthas agus aoibhneas ag triall ina gcuideachta,casaoid agus crá bailithe leo ar shiúl.
12. Mise mé féin, is mé a thugann sólás duit.Cé hé tusa go bhfuil eagla ort roimh an duine,an duine ar dual dó an bás,an duine seo nach buaine é ná an féar?