3. Éadaím na spéartha le dúchan bróin,cuirim éadach róin umpu mar chlúdach.
4. Thug an Tiarna Dia domteanga an aos léinn.Chun go mbeinn i riocht fóirithint ar an té atá traochtaspreagann sé briathar ionam.Maidin in aghaidh na maidine cuireann sé cluas ormchun go n‑éiste mé ar nós an aos léinn.
5. An Tiarna Dia, is é a d'oscail mo chluas.Maidir liom féin, níor chuir mé ina choinne,níor theann mé ar gcúl.
6. Lig mé mo dhroim le lucht a bhuailteagus mo ghruanna leo siúd a bhí ag piocadh na féasóige asam;níor cheil mé mo ghnúisar mhasla ná ar sheile.
7. Tá an Tiarna Dia ag teacht i gcabhair orm,is é sin an fáth nach mothaím an masla.Mar sin, chruaigh mé mo ghnúis mar an chloch ghlas,bhí a fhios agam nach mbeinn meallta.