Íseáia 5:9-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Is amhlaidh a mhionnaigh Tiarna na Slua le mo chluasa:“Is iomaí teach a leagfar!Tithe breátha mórtasacha, ní bheidh cónaí iontu;

10. deich n‑acraí d'fhíonghort, ní thabharfaidh siad ach bairille amháin,agus deich mbuiséal síl, ní thabharfaidh ach aon bhuiséal amháin.”

11. Is mairg dóibh siúd a mbíonn tóir acuó mhaidin moch ar an bpóit,agus a shuíonn déanach san oícheag súmaireacht fíona.

12. Níl ar a n‑aire ach cláirseacha agus cruitcheol,bodhráin agus feadóga,agus fíon a gcuid meisceoireachta.Ach obair an Tiarna, is beag a n‑aird uirthi,agus a bhfuil á dhéanamh aige, imíonn sé gan fhios dóibh.

13. Dá bharr sin seolfar mo mhuintir ar deoraíochtde cheal tuisceana,a n‑uaisle stiúgtha ag an ocras,agus an slua spalptha le tart.

14. Sea, leathfaidh Seól a chraos,osclóidh sé a bhéal as miosúr,agus síos ann leis an gcólp ghalánta,agus iad ag liúireach le lúcháir!

15. Ísleofar an duine, agus an daonnaí, tabharfar céim síos dóagus beidh ceann faoi ar lucht díomais.

16. Ardófar Tiarna na Slua as ucht ceart a bhreithiúnais,agus foilseofar naofacht an Dé Naofa trína fhíréantacht.

17. Beidh uain ag iníor mar bheadh siad ar thalamh féaraigh,beithígh bheathaithe agus mionnáin ag innilt i measc na bhfothracha.

18. Is mairg dóibh siúd a tharraingíonn creach orthu féin le teaghrán eallaigh,agus an peacamar bheadh tarraingeáil chairte orthu!

19. Iad siúd a deir: “Brostaíodh sé! Déanadh sé deifir lena ghníomhionas go bhfeicfimid é;bearta Neach Naofa Iosrael,tagadh siad in aice linn agus cuirtear i gcrích iad,chun gurb eol dúinn iad.”

20. Is mairg a ghaireann maith den olc, agus olc den mhaith,a dhéanann solas den dorchadas agus dorchadas den solas,a dhéanann milseacht den searbhas agus searbhas den mhilseacht!

21. Is mairg a bhfuil meas saoithe acu orthu féin,agus a cheapann go bhfuil siad thar a bheith glic!

22. Is mairg do ghaiscígh na pótaireachta,agus do na laochra a mheascann an bhiotáille!

23. Is mairg a scaoileann saor an ciontach ar bhreab,ach a bhaineann a cheart den duine cóir!

24. Mar alpann na lasracha an coinleachagus mar a chailltear an cháith sa tine,is amhlaidh a bheidh a bhfréamh siúd ag dreoagus a shiabfar a bpéacán ar siúl ina dheannach,as siocair gur dhiúltaigh siad do reacht Thiarna na Sluaagus gur chaith drochmheas ar bhriathar Neach Naofa Iosrael.

25. Is é sin an fáth ar tháinig fearg ar an Tiarna lena phobalagus ar thóg sé a lámh lena mbascadh;tá na taoisigh marbh aige, agus a gcorpáin ina luímar bheadh dramhaíl sna sráideanna.Ach níl a racht ligthe faoi ina dhiaidh sin,tá a lámh ag bagairt go fóill.

26. Déanfaidh sé comhartha do náisiún i gcéin,ligfidh fead air ó imeall an domhain,agus seo chugainn é go héadrom agus go huallach.

27. Níl duine díobh atá traochta ná tuirseach,ná duine atá ceanntrom ná codlatach;a chrios níl scaoilte dá chorróig ag aon duine acuná iall a chuid cuarán briste.

28. Tá faobhar i gceart ar a shaigheadaagus tá na boghanna uile rite aige;is crua ná scileach crúba a chuid capall,agus rothaí a charbad ar nós guairneán gaoithe.

Íseáia 5