Íseáia 49:6-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. “Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agamchun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin,chun ar slánaíodh d'Iosrael a thabhairt ar ais.Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha,chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.”

7. Is amhlaidh seo a deir an Tiarna,fuascailteoir agus Neach Naofa Iosrael,leis an té atá ina ábhar tarcaisne agus gráin ag na ciníocha air,le sclábh na dtíoránach:Éireoidh ríthe ina seasamh ach súil a leagan ort,rachaidh prionsaí ar a mbéal fúthu,de dheasca an Tiarna agus a dhílseachta,Neach Naofa Iosrael a thogh thú.

8. Is amhlaidh seo a deir an Tiarna:i dtráth mo pháirte tabharfaidh mé toradh ort,lá na fuascailte tiocfaidh mé i gcabhair ort.(Tá tú coinnithe caomhnaithe agam mar chonradh leis an bpobal.)Cuirfidh mé an tír ina ceart arís;roinnfidh mé oraibh as an nua na gabháltais scriosta;

9. déarfaidh mé leis na cimí: “Amach libh!”agus leo siúd atá sa dorchadas: “Amach go bhfeicimid sibh!”Ar na bealaí go léir beidh siad ag iníor,ar gach dumhach ghainimh gheabhaidh siad féarach.

10. Ocras ná tart ní bheidh orthu feasta,ní loiscfear iad le gaoth ná le grian.Óir an té a ghlac trua dóibh, beidh sé á gcinnireachtagus á mbuachailleacht cois toibreacha fíoruisce.

11. Déanfaidh mé slí de na sléibhte uileagus leagfar síos dúshraith do na bealaí móra.

12. Tá dream acu ag triall ó chríoch i gcéin,dream aduaidh agus dream aniar,dream eile fós ó Shíním aneas.

13. Canaigí le lúcháir, a spéartha, agus déan gairdeas, a thalaimh!a shléibhte, gairigí amach bhur racht áthais!Óir tá an Tiarna ag tabhairt sóláis dá mhuintiragus ag glacadh trua dá chlann dearóil.

14. Mar bhí Síón á rá: “Tá mé tréigthe ag an Tiarna,tá mé ligthe i ndearmad ag mo Dhia.”

15. An ndéanann bean dearmad ar leanbh a cíche,an mbíonn deireadh lena grá do mhac a broinne?Agus dearmad dá ndéanfadh féin,ní dhéanfaidh mise dearmad ortsa go deo!

16. Féach, tá tú greanta ar bhosa mo lámh agam,is gnách do bhallaí os comhair mo shúl.

17. Tá lucht d'atógála chugat faoi dheifir,agus lucht do scriosta agus do chreachta ag imeacht asat amach.

Íseáia 49