Íseáia 49:17-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Tá lucht d'atógála chugat faoi dheifir,agus lucht do scriosta agus do chreachta ag imeacht asat amach.

18. Ardaigh do shúile agus breathnaigh mórthimpeall uait:tá siad siúd go léir ag cruinniú agus ag déanamh ort.Ar mo bheo - is é an Tiarna atá á mhionnú -seoda is ea iad le tú féin a mhaisiú,le cur ort ar nós feisteas brídeoige!

19. Óir na ceantair bhánaithe chreachta sin agat,agus do dhúiche shladta go léir -róchúng a bheidh tú feasta do do lucht áitrithe,agus beidh an dream a thug aghaidh a gcraois ort i bhfad i gcéin.

20. Beidh siad á rá arís i d'éisteacht,an chlann mhac sin a shíl tú a bheith caillte:“Tá an áit seo róchúng dom,déan slí dhom go socraí mé isteach!”

21. Beidh tú á rá leat féin i do chroí istigh:“Cé a shaolaigh iad siúd go léir dom?Bhí mé gan chlann agus mé aimrid,ach iad seo, cé a thóg suas iad?”Bhí mé fágtha liom féin,an dream úd mar sin, cá has a dtagann siad?

22. Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna Dia:Seo chuige! Bagraím lámh ar na ciníochaagus cuirim suas mo mheirge le haghaidh na náisiún.Tabharfaidh siad do mhic ar ais chugat ina mbaclainnagus d'iníonacha ar a ngualainn.

Íseáia 49