Íseáia 49:10-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Ocras ná tart ní bheidh orthu feasta,ní loiscfear iad le gaoth ná le grian.Óir an té a ghlac trua dóibh, beidh sé á gcinnireachtagus á mbuachailleacht cois toibreacha fíoruisce.

11. Déanfaidh mé slí de na sléibhte uileagus leagfar síos dúshraith do na bealaí móra.

12. Tá dream acu ag triall ó chríoch i gcéin,dream aduaidh agus dream aniar,dream eile fós ó Shíním aneas.

13. Canaigí le lúcháir, a spéartha, agus déan gairdeas, a thalaimh!a shléibhte, gairigí amach bhur racht áthais!Óir tá an Tiarna ag tabhairt sóláis dá mhuintiragus ag glacadh trua dá chlann dearóil.

14. Mar bhí Síón á rá: “Tá mé tréigthe ag an Tiarna,tá mé ligthe i ndearmad ag mo Dhia.”

15. An ndéanann bean dearmad ar leanbh a cíche,an mbíonn deireadh lena grá do mhac a broinne?Agus dearmad dá ndéanfadh féin,ní dhéanfaidh mise dearmad ortsa go deo!

16. Féach, tá tú greanta ar bhosa mo lámh agam,is gnách do bhallaí os comhair mo shúl.

17. Tá lucht d'atógála chugat faoi dheifir,agus lucht do scriosta agus do chreachta ag imeacht asat amach.

18. Ardaigh do shúile agus breathnaigh mórthimpeall uait:tá siad siúd go léir ag cruinniú agus ag déanamh ort.Ar mo bheo - is é an Tiarna atá á mhionnú -seoda is ea iad le tú féin a mhaisiú,le cur ort ar nós feisteas brídeoige!

19. Óir na ceantair bhánaithe chreachta sin agat,agus do dhúiche shladta go léir -róchúng a bheidh tú feasta do do lucht áitrithe,agus beidh an dream a thug aghaidh a gcraois ort i bhfad i gcéin.

20. Beidh siad á rá arís i d'éisteacht,an chlann mhac sin a shíl tú a bheith caillte:“Tá an áit seo róchúng dom,déan slí dhom go socraí mé isteach!”

21. Beidh tú á rá leat féin i do chroí istigh:“Cé a shaolaigh iad siúd go léir dom?Bhí mé gan chlann agus mé aimrid,ach iad seo, cé a thóg suas iad?”Bhí mé fágtha liom féin,an dream úd mar sin, cá has a dtagann siad?

22. Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna Dia:Seo chuige! Bagraím lámh ar na ciníochaagus cuirim suas mo mheirge le haghaidh na náisiún.Tabharfaidh siad do mhic ar ais chugat ina mbaclainnagus d'iníonacha ar a ngualainn.

23. Beidh ríthe ina n‑aithreacha altrama agatagus a mbanríona agat mar bhanaltraí cíche.Sléachtfaidh siad romhat agus a mbéal fúthu ar an talamhagus lífidh siad an dusta de do chosa.Beidh a fhios agat gur mise an Tiarna;an dream a bhfuil a súil liom, ní chuirfear iad dá ndóchas.

24. An féidir an chreach a bhaint den ghaiscíoch,nó príosúnach an aintiarna a tharrtháil?

25. Is ea, ach seo é freagra an Tiarna:Bainfear a phríosúnach den ghaiscíoch féin,déanfar creach an aintiarna a tharrtháil!Troidfidh mise lena dtroidfidh leat,agus sábhálfaidh mé do chlann orthu.

26. Cuirfidh mé lucht do bhrúite ag ithe a bhfeola féin,beidh siad ar meisce lena bhfuil féin mar a bheadh fíon úr ann.Agus beidh a fhios ag an uile fheoilgur mise an Tiarna do Shlánaitheoir,agus gurb é d'fhuascailteoir Tréanlaoch Iacóib.

Íseáia 49