6. Chuala tú agus chonaic tú sin go léir anois,nach bhfuil sé chomh maith agat é a admháil?Anois tá mé chun rudaí nua a fhoilsiú duit,rudaí folaithe nárbh eol duit,
7. a cruthaíodh anois beag,nár chuala tú caint orthu go dtí seo,nach féidir leat á rá fúthu: “Ar ndóigh, bhí a fhios agam sin.”
8. Níor chuala tú trácht riamh orthu,níorbh eol duit iad,ní raibh do chluas oscailte agam dóibh roimh ré.Óir bhí a fhios agam an feall atá ionat,agus clú na ceannairce a bheith ort ón mbroinn.
9. Ar son m'ainm chuirinn m'fhearg ar cairde,ar mhaithe le mo chlú choinninn srian léi agus ní bhrisinn thú.
10. Is amhlaidh a chuir mé an tine leat, ar nós airgid;chuir mé féachaint ort i bhfoirnéis na buartha.
11. Ar mo shon féin amháin is ea dhéanaim é,óir cén chaoi a mbeadh m'ainm á thruailliú?Ní ligfidh mé mo ghlóir le haon dia eile.
12. Éist liom, a Iacóib,a Iosrael, ós ortsa a ghlaoigh mé:Is mise an túsagus is mise fós an deireadh.
13. Mo lámh is í a bhunaigh an talamh,mo dheaslámh a scar amach na spéartha.Ach mé a ghlaoch orthu,éiríonn siad aniar chugam in éineacht.