Íseáia 48:4-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Óir bhí fhios agam go raibh tú ceanndána;is geall le féithleog iarainn do mhuineál,agus tá clár d'éadain ina phrás.

5. Is uime sin a d'fhoilsigh mé rudaí duit roimh ré;sula dtarlódh siad, d'fhógair mé duit iad,ionas nach mbeifeá á rá: “M'íol is é a rinne iad;mo dhealbh shnoite, mo dhealbh leáite a d'ordaigh!”

6. Chuala tú agus chonaic tú sin go léir anois,nach bhfuil sé chomh maith agat é a admháil?Anois tá mé chun rudaí nua a fhoilsiú duit,rudaí folaithe nárbh eol duit,

7. a cruthaíodh anois beag,nár chuala tú caint orthu go dtí seo,nach féidir leat á rá fúthu: “Ar ndóigh, bhí a fhios agam sin.”

8. Níor chuala tú trácht riamh orthu,níorbh eol duit iad,ní raibh do chluas oscailte agam dóibh roimh ré.Óir bhí a fhios agam an feall atá ionat,agus clú na ceannairce a bheith ort ón mbroinn.

9. Ar son m'ainm chuirinn m'fhearg ar cairde,ar mhaithe le mo chlú choinninn srian léi agus ní bhrisinn thú.

10. Is amhlaidh a chuir mé an tine leat, ar nós airgid;chuir mé féachaint ort i bhfoirnéis na buartha.

11. Ar mo shon féin amháin is ea dhéanaim é,óir cén chaoi a mbeadh m'ainm á thruailliú?Ní ligfidh mé mo ghlóir le haon dia eile.

12. Éist liom, a Iacóib,a Iosrael, ós ortsa a ghlaoigh mé:Is mise an túsagus is mise fós an deireadh.

Íseáia 48