Íseáia 47:10-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Bhí tú muiníneach as do mhailís, á rá:“Ní fheiceann aon duine mé.”Do chríonnacht agus d'eolas,is iad a mhearaigh thú.Bhítheá á rá leat féin i do chroí istigh:“Mise, mé féin amháin!”

11. Ach tiocfaidh tubaiste ortnach mbeidh dul agat [a chur faoi chónaí];titfidh matalang ortnach mbeidh tú in ann a chur díot;bainfidh míchríoch díotnach bhfuil coinne agat léi.

12. Fan i mbun d'asarlaíochta mar sinagus d'ildraíochta,ar chaith tú do dhua leo ó d'óige i leith.B'fhéidir go mbainfidh tú tairbhe astu!B'fhéidir go spreagfaidh tú scéin fós!

Íseáia 47