Íseáia 43:7-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. cách a nglaoitear dó m'ainmse,óir is ar mhaithe le mo ghlóir a chruthaigh mé iad,is í faoi deara dom a ndealbhú agus a ndéanamh.”

8. Chun tosaigh leis an bpobal seo atá dall cé go bhfuil súile iontu,an dream bodhar a bhfuil cluasa acu.

9. Bailíodh na náisiúin go léir le chéileagus cruinníodh na ciníocha.Cé ina measc a d'fhoilsigh sinnó a d'fhógair é anallód?Tugadh siad a bhfinnéithe i láthair le go dtugtar ceart dóibh,cloistear iad chun gur féidir á rá: “Tá sin fíor!”

10. Is sibhse mo chuidse finnéithe - briathar an Tiarna -agus mo ghiollaí atá tofa agam,ionas go mbeidh aithne agaibh orm agus go gcreidfidh sibh méagus go dtuigfidh sibh gur mise é.Romhamsa níor dealbhaíodh aon dia,ná ní bheidh a leithéid ann arís i mo dhiaidh.

11. Mise, is mise an Tiarna,agus níl slánaitheoir ann ach mé féin.

12. Is mise a rinne foilsiú agus slánú agus fógairt.Ní bheidh dia eachtrannach ar bith in bhur measc!Is sibhse mo chuid finnéithe - briathar an Tiarna -agus is mise Dia;

13. ó gheal an lá is mise é.Agus níl aon duine ann a bhogfaidh mo ghreim;déanaimse beart, agus cé chuirfeadh bac orm?

14. Is mar seo a deir an Tiarna,bhur bhfuascailteoir, Neach Naofa Iosrael:“Ar bhur sonsa tá mé ag cur chuig an Bhablóin;leagfaidh mé na Caildéigh agus iad ag teitheadhagus déanfar olagón dá ngártha caithréime.

Íseáia 43