9. Tusa a thug mé ó chríocha na talúnagus ar ghlaoigh mé ort ó iargúil na cruinne;tusa ar dhúirt mé leat: “Is tú mo ghiolla,tá tú tofa agam, níor thug mé droim láimhe leat.”
10. Ná bíodh eagla ort, tá mise i d'fhochair;ná bíodh faitíos ort, mar is mé do Dhia.Cuirimse neart ionat agus cuidím leat,coinním suas le mo dheasláimh bhuach thú.
11. Sea, beidh náire agus ceann faoi orthu,iad siúd uile a bhí go fíochmhar i do choinne.Beidh siad mar neamhní agus rachaidh siad ar ceal,an dream a bhí ag iomaíocht leat.
12. Beidh tú á lorg agus ní bheidh fáil agat orthu,na céilí comhraic seo agat;dísceofar iad, cuirfear ar neamhní iad,an dream atá ag cur catha ort.
13. Óir mise, an Tiarna, do Dhia,tá greim agam ar do láimh dheas;deirim leat: “Ná bíodh eagla ort,táimse ag teacht i gcabhair ort.”
14. Ná bíodh eagla ort, a Iacóib, a chnumhóigín,a fhrídín, a Iosrael.Táimse ag teacht i gcabhair ort - briathar an Tiarna -is é Neach Naofa Iosrael d'fhuascailteoir.
15. Seo, tá mé chun cliath buailte a dhéanamh díot,é úrnua agus dhá chíor fiacal ann.Buailfidh tú agus meilfidh tú na sléibhte,déanfaidh tú lóchán mín de na cnoic.
16. Cáithfidh tú iad agus tabharfaidh an ghaoth ar shiúl iad,cuirfidh an stoirm scaipeadh orthu.Maidir leat féin, beidh lúcháir ort sa Tiarna,beidh tú ag déanamh mórtais as Neach Naofa Iosrael.
17. Tá na dearóile agus na bochtáin ag lorg uisce, agus níl sé ann.Tá an teanga spallta iontu le tart.Ach mise, an Tiarna, tabharfaidh mé éisteacht dóibh,mise, Dia Iosrael, ní thréigfidh mé iad.
18. Ar na dumhcha osclóidh mé aibhneachaagus fuaráin uisce i lár na ngleannta.Déanfaidh mé lochán den ghaineamhlachagus toibreacha den talamh tirim.
19. San fhásach cuirfidh mé crainn chéadrais,crainn acáise agus crainn mhiortail agus crainn olóige.Sa díthreabh cuirfidh mé an t‑aiteal,crann plána agus cufróg le hais a chéile.
20. Chun go bhfeice daoine agus go n‑aithní siad,chun go meabhraí siad agus go dtuige siad le chéilegurb í lámh an Tiarna a rinne an méid sin,gurb é Neach Naofa Iosrael a chuir i gcrích.
21. “Tugaigí bhur gcúis i láthair,” a deir an Tiarna;“déanaigí bhur bpléadáil,” a deir rí Iacóib.
22. “Tagadh siad chun tosaigh, na déithe bréige seo,agus foilsíodh siad dúinn cad tá le titim amach.Cad a thaispeáin siad dúinn san am atá thartgo dtabharfaimis aird ar bith orthu?Nó an é go bhfuil sibh chun na rudaí atá le teacht a nochtadhchun go mbeidh a fhios againn an toradh a bheidh orthu.
23. Foilsígí dúinn cad a bheidh ann amach anseo,chun go bhfeice muid an déithe sibh.Déanaigí rud éigin, olc, maith nó dona,chun go n‑airí muid agus go bhfeice muid go léir é.
24. Ar ndóigh, ní dada sibh agus is neamhní bhur saothar,is gráiniúil an rud é dul i bpáirt libh.”
25. Mhúscail mé as an Tuaisceart é agus tháinig sé,ghlaoigh mé air as an Oirthear ina ainm.Shatail sé ar mhaoir chúige mar a bheadh láib iontu,mar a dhéanfadh potaire a chuid cré a phasáil.
26. Cé a d'fhoilsigh é anallód, go mbeadh a fhios againn?fadó riamh, chun go ndéarfaí: “Tá sé ceart”?Ach ní raibh duine ar bith ann a d'fhoilsigh é,duine ar bith a d'fhógair é,duine ar bith a chuala focal uait.
27. Bhí sé ráite agam le Síón roimh ré: “Seo chugainn iad”;bhí teachtaire dea-scéala curtha agam chuig Iarúsailéim.
28. Bhí mé ag breathnú uaim agus ní raibh aon duine ann,ní raibh ceann comhairle ar bith ina meascgo bhféadfainn ceist a chur air agus a thabharfadh freagra dom.
29. Ní dada iad agus iad a chur le chéile;neamhní is ea a n‑oibreacha,níl ina gcuid íol ach gaoth agus baois.