Íseáia 41:9-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Tusa a thug mé ó chríocha na talúnagus ar ghlaoigh mé ort ó iargúil na cruinne;tusa ar dhúirt mé leat: “Is tú mo ghiolla,tá tú tofa agam, níor thug mé droim láimhe leat.”

10. Ná bíodh eagla ort, tá mise i d'fhochair;ná bíodh faitíos ort, mar is mé do Dhia.Cuirimse neart ionat agus cuidím leat,coinním suas le mo dheasláimh bhuach thú.

11. Sea, beidh náire agus ceann faoi orthu,iad siúd uile a bhí go fíochmhar i do choinne.Beidh siad mar neamhní agus rachaidh siad ar ceal,an dream a bhí ag iomaíocht leat.

12. Beidh tú á lorg agus ní bheidh fáil agat orthu,na céilí comhraic seo agat;dísceofar iad, cuirfear ar neamhní iad,an dream atá ag cur catha ort.

13. Óir mise, an Tiarna, do Dhia,tá greim agam ar do láimh dheas;deirim leat: “Ná bíodh eagla ort,táimse ag teacht i gcabhair ort.”

14. Ná bíodh eagla ort, a Iacóib, a chnumhóigín,a fhrídín, a Iosrael.Táimse ag teacht i gcabhair ort - briathar an Tiarna -is é Neach Naofa Iosrael d'fhuascailteoir.

15. Seo, tá mé chun cliath buailte a dhéanamh díot,é úrnua agus dhá chíor fiacal ann.Buailfidh tú agus meilfidh tú na sléibhte,déanfaidh tú lóchán mín de na cnoic.

16. Cáithfidh tú iad agus tabharfaidh an ghaoth ar shiúl iad,cuirfidh an stoirm scaipeadh orthu.Maidir leat féin, beidh lúcháir ort sa Tiarna,beidh tú ag déanamh mórtais as Neach Naofa Iosrael.

17. Tá na dearóile agus na bochtáin ag lorg uisce, agus níl sé ann.Tá an teanga spallta iontu le tart.Ach mise, an Tiarna, tabharfaidh mé éisteacht dóibh,mise, Dia Iosrael, ní thréigfidh mé iad.

18. Ar na dumhcha osclóidh mé aibhneachaagus fuaráin uisce i lár na ngleannta.Déanfaidh mé lochán den ghaineamhlachagus toibreacha den talamh tirim.

19. San fhásach cuirfidh mé crainn chéadrais,crainn acáise agus crainn mhiortail agus crainn olóige.Sa díthreabh cuirfidh mé an t‑aiteal,crann plána agus cufróg le hais a chéile.

20. Chun go bhfeice daoine agus go n‑aithní siad,chun go meabhraí siad agus go dtuige siad le chéilegurb í lámh an Tiarna a rinne an méid sin,gurb é Neach Naofa Iosrael a chuir i gcrích.

21. “Tugaigí bhur gcúis i láthair,” a deir an Tiarna;“déanaigí bhur bpléadáil,” a deir rí Iacóib.

Íseáia 41