7. Spreagann an ceardaí an gabha óir;gríosaíonn fear an chasúir ghreanta fear buailte na hinneona.Deir sé faoin phlátáil: “Tá sé déanta go maith.”Agus daingníonn le tairní é sa chaoi nach mbogfaidh sé.]
8. Is tusa, a Iosrael, mo ghiolla;tusa, a Iacóib, atá tofa agam,síol Abrahám, mo chara.
9. Tusa a thug mé ó chríocha na talúnagus ar ghlaoigh mé ort ó iargúil na cruinne;tusa ar dhúirt mé leat: “Is tú mo ghiolla,tá tú tofa agam, níor thug mé droim láimhe leat.”
10. Ná bíodh eagla ort, tá mise i d'fhochair;ná bíodh faitíos ort, mar is mé do Dhia.Cuirimse neart ionat agus cuidím leat,coinním suas le mo dheasláimh bhuach thú.
11. Sea, beidh náire agus ceann faoi orthu,iad siúd uile a bhí go fíochmhar i do choinne.Beidh siad mar neamhní agus rachaidh siad ar ceal,an dream a bhí ag iomaíocht leat.
12. Beidh tú á lorg agus ní bheidh fáil agat orthu,na céilí comhraic seo agat;dísceofar iad, cuirfear ar neamhní iad,an dream atá ag cur catha ort.
13. Óir mise, an Tiarna, do Dhia,tá greim agam ar do láimh dheas;deirim leat: “Ná bíodh eagla ort,táimse ag teacht i gcabhair ort.”
14. Ná bíodh eagla ort, a Iacóib, a chnumhóigín,a fhrídín, a Iosrael.Táimse ag teacht i gcabhair ort - briathar an Tiarna -is é Neach Naofa Iosrael d'fhuascailteoir.
15. Seo, tá mé chun cliath buailte a dhéanamh díot,é úrnua agus dhá chíor fiacal ann.Buailfidh tú agus meilfidh tú na sléibhte,déanfaidh tú lóchán mín de na cnoic.