1. Bígí in bhur dtost i mo láthair, a insí na farraige,déanadh na ciníocha a neart a athnuachan;tagadh siad chun tosaigh agus labhraíodh siad.Tagaimis le chéile i láthair an bhreithiúnais, mise agus iad.
2. “Cé a mhúscail é siúd as an Oirthear,a bhfuil an bua ag fáiltiú roimhe gach áit a dtriallann sé?Cé a thugann na ciníocha ar láimh dóagus a thugann béim síos do na ríthe os a chomhair?Déanann a chlaíomh deannach díobhagus scaipeann a bhogh iad ina gcoinleach cáite.
3. Cuireann sé an ruaig orthu agus ar aghaidh leis san sábháilteis ar éigean má bhaineann a chosa leis an mbealach.
4. Cé hé a rinne an gníomh seo,murarb é an té a ghlaonn ar na glúine ó thosach?Mise, an Tiarna, atá i dtús annagus a bheidh ar deireadh; is mise é!”
5. Feiceann insí na farraige é agus gabhann eagla iad,tá an talamh ar crith ó cheann ceann;tá siad ag tarraingt orainn, tá siad i láthair.
6. [Cuidíonn duine lena chomharsa,agus deir lena bhráthair: “Misneach!”
7. Spreagann an ceardaí an gabha óir;gríosaíonn fear an chasúir ghreanta fear buailte na hinneona.Deir sé faoin phlátáil: “Tá sé déanta go maith.”Agus daingníonn le tairní é sa chaoi nach mbogfaidh sé.]
8. Is tusa, a Iosrael, mo ghiolla;tusa, a Iacóib, atá tofa agam,síol Abrahám, mo chara.
9. Tusa a thug mé ó chríocha na talúnagus ar ghlaoigh mé ort ó iargúil na cruinne;tusa ar dhúirt mé leat: “Is tú mo ghiolla,tá tú tofa agam, níor thug mé droim láimhe leat.”
10. Ná bíodh eagla ort, tá mise i d'fhochair;ná bíodh faitíos ort, mar is mé do Dhia.Cuirimse neart ionat agus cuidím leat,coinním suas le mo dheasláimh bhuach thú.
11. Sea, beidh náire agus ceann faoi orthu,iad siúd uile a bhí go fíochmhar i do choinne.Beidh siad mar neamhní agus rachaidh siad ar ceal,an dream a bhí ag iomaíocht leat.
12. Beidh tú á lorg agus ní bheidh fáil agat orthu,na céilí comhraic seo agat;dísceofar iad, cuirfear ar neamhní iad,an dream atá ag cur catha ort.
13. Óir mise, an Tiarna, do Dhia,tá greim agam ar do láimh dheas;deirim leat: “Ná bíodh eagla ort,táimse ag teacht i gcabhair ort.”
14. Ná bíodh eagla ort, a Iacóib, a chnumhóigín,a fhrídín, a Iosrael.Táimse ag teacht i gcabhair ort - briathar an Tiarna -is é Neach Naofa Iosrael d'fhuascailteoir.
15. Seo, tá mé chun cliath buailte a dhéanamh díot,é úrnua agus dhá chíor fiacal ann.Buailfidh tú agus meilfidh tú na sléibhte,déanfaidh tú lóchán mín de na cnoic.
16. Cáithfidh tú iad agus tabharfaidh an ghaoth ar shiúl iad,cuirfidh an stoirm scaipeadh orthu.Maidir leat féin, beidh lúcháir ort sa Tiarna,beidh tú ag déanamh mórtais as Neach Naofa Iosrael.