Íseáia 39:3-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Ansin tháinig an fáidh Íseáia fá dhéin an rí Hiziciá agus d'fhiafraigh de: “Cad dúirt na daoine sin agus cá has ar tháinig siad go dtí tú?” D'fhreagair Hiziciá: “Tháinig siad ó thír i bhfad i gcéin, ón mBablóin.”

4. D'fhiafraigh Íseáia arís: “Cad a chonaic siad i do phálás?” D'fhreagair Hiziciá: “Chonaic siad gach a bhfuil i mo phálás: Níl ní ar bith i mo chuid stóras nár thaispeáin mé dóibh.”

5. Ansin dúirt Íseáia le Hiziciá: “Éist le briathar Thiarna na Slua!

6. Tiocfaidh na laethanta a dtabharfar ar shiúl chun na Bablóine gach a bhfuil i do phálás, gach ar chuir do shinsir i dtoll a chéile go dtí an lá inniu. Ní fhágfar aon ní, a deir an Tiarna.

Íseáia 39