1. San am sin, chuir Marodac Baladán mac Bhaladán, rí na Bablóine, chuir sé litreacha agus bronntanas chuig Hiziciá, mar gur chuala sé trácht ar a bhreoiteacht agus ar a théarnamh.
2. Ba mhór le Hiziciá sin agus thaispeáin sé do na teachtairí a státchiste, idir ór agus airgead, idir spíosra agus ola luachmhar, chomh maith lena armlann agus gach a raibh ina chuid stóras. Dada ní raibh ina phálás ná ina chríocha ar fad nár thaispeáin Hiziciá dóibh.