33. Mar sin, seo é briathar an Tiarna i dtaobh rí na hAsaíre:Ní thiocfaidh sé sa chathair seo isteach,saighead ní scaoilfidh sé inti,sciath ní ardóidh sé ina coinne,Ní thógfaidh sé múr léigir ina haghaidh.
34. An bealach a tháinig sé, fillfidh sé ar ais;ní thiocfaidh sé isteach sa chathair seo - briathar an Tiarna.
35. Déanfaidh mé an chathair a chaomhnú agus a shábháilar mo shon féin agus ar son Dháiví, mo shearbhónta.”
36. An oíche chéanna sin, chuaigh aingeal an Tiarna amach agus bhuail sé céad agus a hochtó cúig míle fear i gcampa na nAsaíreach. Tráth dúiseachta ar maidin, bhí siad go léir sínte marbh.
37. Scor Sanaichéiríb a champa ansin agus d'imigh sé abhaile go Nínivé agus chuir sé faoi ann.