12. Ar fhéad a gcuid déithe na náisiúin a chreach mo shinsir a tharrtháil - Gózán, Hárán, Reizif, agus muintir Éidin a bhí i dTeil [Básár]?
13. Cá bhfuil siad, na ríthe a bhí ar Hamát, Arpád, Safarvaím, agus ar Haena agus Íveá?”
14. Thóg Hiziciá an litir ó lámha na dteachtairí agus léigh í. Ansin chuaigh sé suas go Teampall an Tiarna agus spréigh sé amach os comhair an Tiarna í.
15. Agus chuir Hiziciá suas an phaidir seo i láthair an Tiarna:
16. “A Thiarna na Slua, a Dhia Iosrael, atá anseo i do shuí ríoga ar na ceiribíní, is tusa aon Dia ríochtaí an domhain ar fad, is tusa a rinne neamh agus talamh.
17. Claon do chluas chugam, a Thiarna, agus éist liom;oscail do shúile, a Thiarna, agus amharc orainn.Éist le focail Shanaichéiríba chuir sé uaidh a mhaslú Dé bheo.
18. “Tá sé fíor, a Thiarna, gur chreach ríthe na hAsaíre na náisiúin go léir agus a gcuid tailte;
19. chaith siad a ndéithe sa tine, óir ní déithe a bhí iontu ach saothar ó lámha daoine, adhmad agus cloch; agus ar an ábhar sin, cuireadh ar ceal iad.
20. Ach anois, a Thiarna, a Dhia linn, sábháil sinn ar a neart, impím ort, agus bíodh fhios ag náisiúin uile an domhain gur tú amháin is Dia ann, a Thiarna!”
21. Ansin chuir Íseáia mac Ámóz an teachtaireacht seo chuig Hiziciá: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael, de thairbhe na paidre a chuir tú suas chugam mar gheall ar Shanaichéiríb, rí na hAsaíre.
22. Seo é an fógra a thug an Tiarna uaidh ina choinne:Caitheann sí tarcaisne, caitheann sí achasán leat,an mhaighdean, iníon Shíón;craitheann sí a ceann ar do chúla,iníon Iarúsailéim.