Íseáia 36:20-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. De dhéithe na dtíortha uile, cé acu a shábháil a dtír orm? Agus cén chaoi a bhfuil an Tiarna le Iarúsailéim a shábháil?”

21. D'fhan na daoine ina dtost gan focal astu, óir ba é a d'ordaigh an rí dóibh: “Ná tugaigí freagra air.”

22. Tháinig reachtaire an pháláis Eiliácaím mac Hilcíá, Seabná an rúnaí agus Ióách mac Ásáf an callaire, tháinig siad ar ais i láthair Hiziciá agus a gcuid éadaigh stróicthe acu, agus d'inis dó ar dhúirt an tArdoifigeach.

Íseáia 36