1. Gabhaigí i leith, a chiníocha, go n‑éiste sibh;a phobala, tugaigí aire;éisteadh an talamh agus gach a bhfuil ann,an domhan cláir agus a shliocht go léir!
2. Óir tá fearg ar an Tiarna leis na ciníocha ar fad,tá sé i bhfíoch leis an slua acu go léir;tá siad curtha faoi gheasa a millte aige,tá siad tugtha suas aige don ár.
3. Tá a gcuid marbhán á gcartadh amach,agus boladh ag éirí óna gcoirp;tá a gcuid fola ina slaoda ar na sléibhte;
4. tá slua na spéartha ar fad ag titim as a chéile.Tá na spéartha á gcornadh suas mar bheadh scrolla annagus slua na reann ag feo,mar a bheadh craobhacha fíniúna ag feo,mar dhuilliúr feoite an chrann figí.
5. Óir tá mo chlaíomh ar maos sna spéartha...Féach, tá sé ag tuirlingt ar Eadóm,ar an gcine atá daortha damhnaithe agam.
6. Tá claíomh ag an Tiarna agus é sách le fuil,tá sé bealaithe le blonag,le fuil na n‑uan agus na ngabhar,le geir cheathrún na reithí.Mar tá íobairt ag an Tiarna i mBozráagus eirleach mór aige i bhfearann Eadóm.
7. Tá ciníocha ag titim mar a thitfeadh damhra allta,in ionad tarbh, tá pobal gaiscíoch á leagan.Tá a dtalamh siúd múchta le fuil,agus a gcréafóg á leasú le geir.
8. Óir lá díoltais ag an Tiarna atá annagus bliain chúitimh ag curadh cosanta Shíón.