Íseáia 31:3-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Daoine is ea na hÉigiptigh agus ní déithe;is feoil a gcuid each agus ní spiorad;agus nuair a shínfidh an Tiarna amach a lámh,bainfear tuisle as fear an chuiditheagus titfidh an fear ar cuidíodh leis ina theannta,agus caillfear iad go léir le chéile.

4. Sea, is mar seo a dúirt an Tiarna liom:Mar a bheadh leon nó coileán leoin ag gnúsacht os cionn a chreiche,agus na haoirí á ngairm amach líon a slua ina choinne,gan scáth a theacht air lena scairteach,ná scaoll lena gcallán,is amhlaidh a thiocfaidh Tiarna na Slua anuas chun cathaar shliabh Shíón agus ar a chnocán ard.

5. Ar nós mar bhíonn éanlaith ar foluain,is amhlaidh a dhéanfaidh Tiarna na Slua cumhdach ar Iarúsailéim,á cumhdach agus á baint as braighdeanas,ag ligean léi agus á scaoileadh saor.

6. Filligí ar an té atá séanta agus dúshéanta agaibh, a chlann Iosrael.

7. Sea, an lá sin caithfidh gach duine uaidhna híola airgid agus na híola óiratá dealbhaithe agaibh le bhur lámha ciontacha.

8. Rachaidh an Asaír síos roimh chlaíomh nach ón duine éagus alpfar é le claíomh nach daonna;teithfidh sé ar aghaidh an chlaímhagus déanfar sclábhaithe dá chuid óglach.

9. Tréigfidh sé a dhúnfort le tréan eaglaagus fágfaidh a thaoisigh an meirge le barr scéine.Fáistine é seo ón Tiarna féin a bhfuil tine ar lasadh aige i Síónagus foirnéis aige in Iarúsailéim.

Íseáia 31