23. Agus tabharfaidh sé báisteach le haghaidh an tsíl a chuirfidh tú sa talamh, agus an t‑arán a thugann an talamh uaidh, beidh sé blasta agus beathúil. Beidh do chuid eallaigh ag innilt an lá sin ar fhéarach leathan.
24. Na daimh agus na hasail a threabhann an talamh, beidh coirce blasta le hithe acu, a ndearnadh cáitheadh air le sluasaid agus le cáiteog.
25. Agus ar gach sliabh ard agus gach cnoc mór beidh srutháin uisce agus sreabha lá an áir nuair a thitfidh na dúnfoirt.
26. Beidh solas na gealaí ar aon dul le solas na gréine agus solas na gréine seacht n‑uaire níos gile fós, ar nós solas seacht lá le chéile, sa lá a gceanglóidh an Tiarna créacht a phobail agus a leigheasfaidh sé fearbacha a bhuillí.